search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   ní' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    ní:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    ní:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 311

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstát fógra ina leith, agus maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas.

2.   níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear go heisiach i gcórais dhúnta atá mar thoradh ar dhlí náisiúnta nó ar chomhaontuithe idir fhoireann shainithe rannpháirtithe.

3.   ní dhéanann an Rialachán seo difear don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ná le bailíocht na gconarthaí sin, ná le hoibleagáidí dlíthiúla eile ná le hoibleagáidí nós imeachta a bhaineann le foirm.

Airteagal 4

Prionsabal an mhargaidh inmheánaigh

1.   ní chuirfidh soláthraí seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe i mBallstáit eile aon srian ar sholáthar seirbhísí iontaoibhe ar chríoch Ballstáit ar chúiseanna a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán seo.

2.   Beidh cead saorchúrsaíochta sa mhargadh inmheánach ag táirgí agus ag seirbhísí iontaoibhe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Dliteanas

1.   Beidh an Ballstáit a bheidh ag tabhairt fógra faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó in idirbheart trasteorann, de thoradh gan cloí in idirbheart trasteorann leis a oibleagáidí faoi pointí (d) agus (f) d’Airteagal 7.

2.   Beidh an páirtí a eiseoidh an modh ríomh-shainaitheantais faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí in idirbheart trasteorann leis an oibleagáid dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 7.

3.   Beidh an páirtí a fheidhmeoidh an nós imeachta fíordheimhnithe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan a áirithiú, in idirbheart trasteorann, go bhfeidhmeofaí an fíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7.

4.   Cuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.

5.   ní dhéanfaidh mír 1, mír 2 ná mír 3 dochar do dhliteanas faoi dhlí náisiúnta na bpáirtithe in idirbheart ina n-úsáidfear modhanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin scéim riómh-shainaitheantas ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1).

Airteagal 25

Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe

1.   ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe ná a inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé ceanglais le haghaidh ríomhshínithe cháilithe.

2.   Beidh ríomhshíniú cáilithe ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.

3.   Maidir le ríomhshíniú cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshíniú cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 28

Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 35

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1.   ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.

3.   Maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down